Conas fáil réidh le fungas ingne coise
Tarlaíonn ionfhabhtuithe fungasacha ingne nuair a théann spóir fhungais idir d’ingne coise agus an craiceann faoina bun (leaba na hingne), agus nuair a chothaíonn siad iad féin leis an gcraiceann nó leis an gceiratín san ingne.1,2 Má fhaigheann tú ionfhabhtú fungasach ingne, b’fhéidir go dtabharfá faoi deara go bhfuil do chuid ingne níos tibhe, beagán mídhathaithe, agus b’fhéidir go bhfuil siad ag tosú fiú ag scaradh ó leaba na hingne.1,

Ionfhabhtú fungasach ingne a aithint1,2
Seo roinnt comharthaí d’ionfhabhtú fungasach ingne ar cheart duit a bheith ag faire amach dóibh:
- Tosaíonn cuma mhaol a bheith ar do chuid ingne, agus cailleann siad a ngliosc nádúrtha
- Tá mídhathú thart ar imeall na hingne
- Spotaí bána nó buíghlasa i lár na hingne
- An ingne ag ramhrú nó ag éirí sobhriste
- An ingne ag mionú agus ag scoilteadh, agus fiú ag scaradh ón gcraiceann
- Míchompord agus tú ag caitheamh bróga, ag siúl nó ag seasamh ar feadh tamaill
Tá sé tábhachtach gníomhú go tapa má thugann tú faoi deara aon cheann de na comharthaí seo. Mura gcaitheann tú leis an ionfhabhtú, tá seans ann go scaipfidh sé chuig ingne eile.

Conas ionfhabhtú fungasach ingne a chóireáil
Mura cás trom é, is féidir formhór na n-ionfhabhtuithe ingne a chóireáil sa bhaile le táirge tiomnaithe ar nós Cóireáil Scholl d’Ionfhabhtú Fungasach Ingne – agus beagán foighne.
Seo an méid a chaithfidh tú a dhéanamh:
- Úsáid na comhaid indiúscartha sláinteacha chun barrchiseal na hingne a bhaint agus a cuma a fheabhsú
- Comhdaigh d’ingne uair sa tseachtain agus cuir an leacht i bhfeidhm uair sa lá ar feadh na chéad cheithre seachtaine
- Lean ort ag cur an leachta i bhfeidhm uair sa tseachtain ar feadh suas le 9 mí
- Is indiúscartha na comhaid agus ní féidir iad a úsáid ach uair amháin chun ath-ionfhabhtú a sheachaint
- Nuair a bheidh an t-ionfhabhtú imithe, cuimhnigh an cúram laethúil atá tuillte acu a thabhairt do do chosa

Conas an baol ionfhabhtaithe fungasaigh ingne a laghdú
Tá roinnt rudaí simplí is féidir leat a dhéanamh chun an baol ionfhabhtaithe ingne a laghdú. Ar an gcéad dul síos, déan iarracht dálaí tais nó taise i do bhróga a sheachaint, mar éiríonn leis an bhfungas sna dálaí sin.1,2 Má úsáideann tú cithfholcadáin nó linnte snámha comhchoiteanna, caith cosaint coise ar nós smeachóga.1,2
Dá sine do bhróga, is ea is dóichí a bheidh spóir fhungais ag luí iontu. Mar sin, má tá cuma chaite ar do choisbheart, d’fhéadfadh sé a bheith ina leithscéal foirfe le dul ag siopadóireacht do bhróga.1,2
Má thugann tú faoi deara aon damáiste do do chuid ingne, d’fhéadfadh sé deis a thabhairt don fhungas dul isteach san ingne agus faoina bun, áit a gcothaíonn sé é féin leis an gceiratín. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach an limistéar damáistithe a choinneáil glan agus tirim go háirithe.1,2
An dtugann tú faoi deara aon chomharthaí de chos lúthchleasaí? Caith leis seo a luaithe is féidir, mar is furasta dó scaipeadh chuig do chuid ingne, rud a chruthaíonn ionfhabhtú fungasach ingne atá níos deacra a chóireáil.
RB-M-03253. Léigh na treoracha i gcónaí